An fhoirmle rúnda
September 13th, 2007Cé a dhéannan an phobalbhreith is cirte? TNS-MRBI, nó Red C nó IMS? Sin ceist a bhí á phlé go minic roimh an olltoghchán, go háirithe ar an suíomh politics.ie.
An cheist is conspóidí a bhí ann ná an “athrú” a dheánann TNS-MRBI nuair atá siad ag tabhairt meastachán ar thacaíocht Fhine Gael. Cuireann TNS-MRBI agallamh ar timpeall míle daoine agus airíonn siad an céatadán a vótálann ar son Fhianna Fáil, ar son Fhine Gael, srl. Ansin, ardaíonn siad céatadán Fhine Gael mar cheapann siad go mbíonn tacáiocht Fhine Gael níos airde i gcónaí na mar a léirítear sna hagallaimh. Tá foirmle rúnda acu chun an athrú a mheasú.
Taispeáineann an graf thíos tacaíocht Fhine Gael sna pobalbhreitheanna sa bhliain roimh an olltoghchán.

Tá sé soiléir go raibh difríocht idir TNS-MRBI agus na comhluchtaí eile ó thaobh tacaíochta Fhine Gael de, suas go dtí an coicís roimh an toghchán. Bhí an phobalbhreith deireanach a rinne TNS-MRBI niós cruinne ná pobalbhreitheanna deireanacha na comhluchtaí eile. Fuair FG 27.1% san olltoghchán. Thug pobalbhreith deireanach TNS-MRBI 27% don pháirtí. Thug Red C 26% agus IMS 25% ach bhí siad go léir taobh istigh den lamháil earráide.
Is féidir libh bhur gcomparáidí féin a dhéanamh anseo .